Bíonn tionscadail ghrúpa iontach chun idirghníomhú agus comhoibriú a spreagadh i measc na mac léinn.
Leideanna chun tionscadail ghrúpa éifeachtacha a chruthú ar líne
Mar mhúinteoir ba chóir duit:
- Na grúpaí a roghnú tú féin agus grúpaí cothroma a chruthú. Ba chóir duit na mic léinn a mheascadh ó thaobh an chumais de, agus cothromaíocht scileanna a chur chun cinn. Ciallaíonn sé seo gur chóir go mbeadh aithne mhaith agat ar na mic léinn. Mar sin is fearr obair ghrúpa a chur i bhfeidhm, nuair a bhíonn aithne agat ar na mic léinn agus nuair atá na mic léinn tar éis idirghníomhú lena chéile cheana féin.
- Tascanna simplí a chruthú le treoracha soiléire, ag soiléiriú conas a dhéantar an measúnú, agus conas dul chun cinn a dhéanamh ann (déan an tasc a roinnt ina chodanna).
- I roinnt cásanna, tar éis duit na tascanna a roinnt, iad a scaipeadh ar bhaill an ghrúpa. Ligeann sé seo don ghrúpa níos mó idirghníomhaíochta a dhéanamh, agus is féidir leo iniúchadh níos doimhne a dhéanamh.
Ceann de na dúshláin is mó a bhaineann le tionscadail ghrúpa is ea aipeanna agus uirlisí éifeachtacha a fháil a ligeann don ghrúpa cumarsáid a dhéanamh, a gcuid oibre a dhréachtú agus an obair dheiridh a chur isteach. D’fhéadfadh na CÓRACHA seo a leanas a bheith úsáideach:
Chun cabhrú le do chuid mac léinn idirghníomhú agus a bheith ag comhoibriú:
- FÓRAIM PHLÉ ⁊ WIKIthe ar fáil ar LMS.
- RÍOMHPHOST agus aipeanna téacsála ar nós WhatsApp ⁊ Slack.
Chun tús a chur le dréachtú an taisc:
- Cáipéisí roinnte — Google Docs, Dropbox et-c…
Chun a gcuid oibre a chur i láthair (ag brath ar an saghas chur i láthair):
- Microsoft Sway (Roinnt sleamhnán).
- Genially (Roinnt idirghníomhach sleamhnán).
- Canva ⁊ Adobe Spark (i gcomhair ghrafaic faisnéise agus físeán).
Caith do shúil ar ár gcuid Uirlisí Oideachais chun faisnéis a fháil ar aipeanna suimiúla.