Is minic a bhíonn foghlaim ar líne, lena n-áirítear foghlaim teanga ar líne, bunaithe ar Acmhainní Oscailte Oideachais nó AOOanna. Cuirfidh tuiscint ar AOOanna agus na meicníochtaí atá taobh thiar díobh ar do chumas a bheith níos éifeachtaí mar fhoghlaimeoir ar líne.
Tá AOOanna deartha chun tú a chur i mbun tascanna idirghníomhacha agus comhoibríocha a spreagann tú chun tógáil ar do chuid eolais, rudaí a fhoghlaim, féinmhachnamh agus measúnú a dhéanamh, ach cabhraíonn siad leat freisin a bheith i do rannpháirtí gníomhach i bpobal aontaithe foghlaimeoirí. Mar dhuine a úsáideann AOOanna ar líne, ba cheart duit do scileanna digiteacha a úsáid agus a fhorbairt ionas go mbeidh tú in ann an tairbhe is mó a bhaint as na hacmhainní seo. I gCeacht 2 beimid ag díriú ar an tslí ar féidir leat do scileanna digiteacha a fheabhsú agus an fáth go bhfuil siad chomh tábhachtach sa phróiseas foghlama ar líne ina iomláine.
Le haghaidh réamhrá gairid ach uileghabhálach ar AOOanna, féach ar Threoracha Leabharlainne OÉ Gaillimh, AOO – Na Buneilimintí, a sholáthraíonn léargas úsáideach ar Acmhainní Oscailte Oideachais.