Múinteoirí A1 Ceacht 3 – Foghlaim Chomhoibríoch

Cad é seo?

Cuidíonn Foghlaim Chomhoibríoch le mic léinn a bheith mar chuid de phobal ar líne. Chomh maith leis sin, laghdaíonn sí an t-uaigneas a mhothaíonn go leor daoine a bhíonn ag foghlaim ar líne. Is teicníc iontach iad fóraim phlé chun idirghníomhaíocht agus comhoibriú na mac léinn a chothú.

Na buntáistí a chuireann an r-fhoghlaim ar fáil

  • Cuireann fóraim gné nua leis an bhfoghlaim ar líne. Is uirlisí luachmhara iad fóraim chun piarfhoghlaim agus malartú smaointe a chur chun cinn i dtimpeallacht shoiléir, gan aon bhrú ón múinteoir.
  • Cuireann siad le sreabhadh nádúrtha smaointe agus feabhsaíonn siad caighdeán an phlé mar go dtuigeann mic léinn go léifidh a gcomhghleacaithe ranga agus a dteagascóirí na rudaí a scríobhfaidh siad. Beidh níos mó ama acu freisin smaoineamh ar a bhfuil siad ag iarraidh a scríobh agus an fáth a bhfuil siad ag iarraidh é a scríobh.
  • Éascaíonn siad féinfhoghlaim tríd an bpiarfhoghlaim agus réiteach fadhbanna a spreagadh. Cuidíonn siad le pobal foghlaimeoirí a chur chun cinn ina gcabhraíonn mic léinn lena chéile. Mura dtuigeann mac léinn rud éigin, ní gá dó/di fanacht leis an múinteoir freagra a thabhairt, mar is féidir le daoine eile sa rang ceisteanna an duine a fhreagairt. Ar an mbealach seo, cuirtear le luas na foghlama.
  • Is bealach maith iad fóraim freisin chun rólghlacadh, tráth na gceist agus cineálacha eile gníomhaíochtaí a thabhairt isteach 😉.
  • Cothaíonn siad léargas níos doimhne ar ábhair agus sciar smaointe chomh maith.

Leideanna maidir le fóraim phlé éifeachtacha

  • Ba cheart fóraim ar líne a úsáid go rialta. Is fiú fóraim phlé a úsáid ag an tús mar bhealach chun aithne a chur ar na mic léinn agus ligean dóibh aithne a chur ar a chéile AGUS is féidir iad a úsáid sa chúrsa mar ghníomhaíocht tobsmaointeoireachta. Déan na fóraim a sceidealú ar bhonn rialta, gach seachtain nó coicís ionas go mbeidh a fhios ag na mic léinn go mbeidh orthu cur leis an bplé go rialta.
  • Mar ghníomhaíocht foghlama, ba chóir iad a nascadh leis na cuspóirí foghlama. Smaoinigh ar an méid a bhfuil uait ón bhfóram, ó thaobh fhoghlaim na mac léinn de. Smaoinigh freisin ar cheisteanna Bloom a chomhtháthú chun do spriocanna a bhaint amach (ó na rudaí bunúsacha go dtí na cinn is casta).
  • Déan na fóraim éigeantach agus tabhair gráid bunaithe ar rannpháirtíocht na mac léinn. Spreagfaidh sé seo mic léinn chun páirt a ghlacadh sa phlé agus é a choinneáil bríomhar.
  • Mar mhúinteoir, fan sa chúlra agus bí i do thost. É sin ráite, ba chóir duit a bheith réidh le páirt a ghlacadh má thagann laghdú ar spreagadh na mac léinn nó má éiríonn na comhráite achrannach.
  • Chun díospóireachtaí a choinneáil ar an mbóthar agus tráchtanna míchuí a sheachaint, ba cheart treoirlínte mionsonraithe a roinnt leis an rang.

Conas fóraim phlé a chruthú

Is furasta iad a chur suas in LMSanna, a chuireann rogha ar fáil ina chomhair sin. Seachas sin, is féidir leat ardáin ar líne (Edmodo nó Padlet mar shampla) a úsáid. Is féidir pictiúir, físeáin agus gnéithe eile a úsáid chun an plé a dhéanamh níos suimiúla agus níos tarraingtí.

Béasaíocht idirlín

Ná déan dearmad ar an mbéasaíocht idirlín agus an fhoghlaim chomhoibríoch in úsáid agat.

Siar go A1 Ceacht 3