Straitéisí chun monatóireacht a dhéanamh ar do dhul chun cinn sna ceithre scil teanga
Féinmhachnamh

Is pointe tosaigh iad na ceisteanna seo a leanas chun monatóireacht a dhéanamh ar do dhul chun cinn foghlama.
Tóg 2 nó 3 nóiméad chun smaoineamh orthu.
1) Cé mhéad ama a chaitheann tú ag cleachtadh in aghaidh an lae/sa tseachtain?
2) An nglacann tú páirt ghníomhach le linn ranganna sioncronacha/aisioncronacha ar líne, i.e. ceisteanna a chur/a fhreagairt?
3) An ndéanann tú iarracht struchtúir nua teanga nó stór focal a d’fhoghlaim tú a úsáid, struchtúir/stór focal a bhíonn dúshlánach duit?
4) An nglacann tú nótaí le linn ranganna sioncronacha / aisioncronacha ar líne?
5) An bhfoghlaimíonn tú ó do chuid botún?
Tar éis na ceisteanna seo a fhreagairt, ag brath ar an scil(eanna) ar mhaith leat díriú uirthi, is féidir leat do dhul chun cinn a rianú trí cheist a chur ort féin agus trí mhachnamh a dhéanamh ar na pointí seo a leanas:
LÉITHEOIREACHT / STÓR FOCAL
- Cá mhéad focal nua a fhoghlaimíonn tú in aghaidh na seachtaine/míosa?
- Cé chomh maith agus a thuigeann tú téacs agus é á léamh agat? – An bhfuil tú in ann brí ghinearálta an téacs a thuiscint (fiú mura bhfuil na focail go léir ar eolas agat)? An mbeifeá in ann achoimre ó bhéal a dhéanamh ar an téacs? An bhfuil tú in ann na struchtúir teanga, a bhfuil tú eolach orthu cheana féin, a aithint agus an fáth ar úsáideadh iad a mhíniú?
TUISCINT ÉISTEACHTA
- Cé chomh maith agus atá do scileanna éisteachta?
- Cad iad na gnéithe teanga a bhíonn deacair ort a thuiscint? Focail nua, blas ar leith, luas cainte, rud éigin eile…
SCILEANNA URLABHRA
- Cé chomh toban agus compordach atá tú agus tú ag comhrá sa teanga, más comhrá gan choinne atá ann?
SCRÍBHNEOIREACHT
- An bhfuil tú in ann na struchtúir, a ndearna tú staidéar orthu, a úsáid chun téacs nua a scríobh sa teanga, gan uirlisí aistriúcháin uathoibríocha ar nós Google Translate a úsáid?
Agus anois tá sé in am duit gníomhú!
Cad is féidir leat a dhéanamh chun fanacht ar an mbóthar ceart agus do scileanna a fheabhsú?
LÉITHEOIREACHT/ STÓR FOCAL: coinnigh liostaí de na focail atá ar eolas agat, ansin agus tú ag feabhsú, déan na focail a roinnt sna réimsí, catagóirí lena mbaineann siad.
SCILEANNA ÉISTEACHTA: féach ar scannáin/sraitheanna teilifíse sa sprioctheanga, le fotheidil ar dtús. Tar éis roinnt ama, féach ar an scannán céanna arís gan fotheidil, agus féach an bhfuil feabhas tagtha ar do chumas tuisceana. Éist le hamhráin agus déan iarracht an oiread focal agus is féidir leat a thuiscint, éist leis na hamhráin arís agus féach an aithníonn tú níos mó focal, nó línte iomlána fiú.
SCILEANNA URLABHRA: déan tú féin a thaifeadadh ag labhairt na sprioctheanga (agus tú ag léamh téacs, ag déanamh cur i láthair nó díreach ag comhrá) agus déan comparáid idir taifeadtaí reatha agus taifeadtaí a rinneadh tamall ó shin. Déan taifeadtaí go rialta (gach mí, mar shampla) ionas go bhfeicfidh tú an dul chun cinn. Dírigh ar fhuaimniú focail agus ar thuin chainte. Má tá tú ag obair ar thascanna físe, déan cleachtadh a mhéad uair is gá duit go dtí go mbeidh tú sásta leis an toradh! Chomh maith leis sin, bain leas as deiseanna comhoibrithe ar líne. Déan do chuid taifeadtaí a roinnt le do phiaraí, déan trácht ar a gcuid oibre agus éist lena gcuid aiseolais.
SCRÍBHNEOIREACHT: scríobh go minic agus déan machnamh ar aiseolas an mhúinteora. Scríobh sa sprioctheanga, ná scríobh i do mháthairtheanga ar dtús agus an obair a aistriú ansin. Téigh siar ar Aonad 3 den mhodúl seo le tuilleadh leideanna úsáideacha maidir le scríbhneoireacht a fháil.