Acmhainní Oscailte Oideachais: Cad iad?
Is ábhair agus acmhainní oideachasúla iad Acmhainní Oscailte Oideachais atá ar fáil go saor agus go hoscailte do dhuine ar bith agus ar fáil faoi cheadúnas a ligeann d’úsáideoirí úsáid, athmhúnlú, feabhsú agus athdháileadh a dhéanamh ar an ábhar.
– LibGuides OÉ Gaillimh, Open Educational Resources

Íomhá: Pixabay, manfredsteger
Is minic a bhíonn foghlaim ar líne, lena n-áirítear foghlaim teanga ar líne, bunaithe ar Acmhainní Oscailte Oideachais nó AOOanna. Cuirfidh tuiscint ar AOOanna agus na meicníochtaí atá taobh thiar díobh ar do chumas a bheith níos éifeachtaí mar fhoghlaimeoir ar líne.
Tá AOOanna deartha chun mic léinn a chur i mbun tascanna idirghníomhacha agus comhoibríocha a spreagann a gcuid eolais, foghlama, féinmhachnaimh agus féinmheasúnaithe. Cabhraíonn siad leo freisin a bheith ina rannpháirtithe gníomhacha i bpobal foghlaimeoirí ar líne. Mar mhúinteoir ar líne, duine a úsáideann AOOanna/a chruthaíonn cinn nua, ba cheart duit do chuid scileanna digiteacha a úsáid agus a fhorbairt ionas go mbeidh tú in ann an tairbhe is mó a bhaint as na hacmhainní seo. I gCeacht 2 beimid ag díriú ar an tslí ar féidir leat do scileanna digiteacha a fheabhsú agus an fáth go bhfuil siad chomh tábhachtach sa phróiseas múineadh ar líne ina iomláine.
Le haghaidh réamhrá gairid ach uileghabhálach ar AOOanna, féach ar Threoracha Leabharlainne OÉ Gaillimh, AOO – Na Buneilimintí, a sholáthraíonn léargas úsáideach ar Acmhainní Oscailte Oideachais.
Mar chuid dá rannpháirtíocht foghlama, is féidir le mic léinn a bheith bainteach le hoiriúnú agus cruthú AOOanna. Breathnaigh ar AOOanna na mac léinn atá ag OÉ Gaillimh do theagasc teangacha, a léiríonn ní hamháin conas is féidir teicneolaíocht a úsáid chun ábhar a chruthú, ach chomh maith leis sin, conas is féidir le foghlaimeoirí a bheith mar chuid den phróiseas cruthú ábhair agus mar chuid de chur chuige ina bhfuil an mac léinn lárnach.