Réamhrá idirghníomhach ar fhoghlaim teanga
Fáilte go dtí ár gceacht tosaigh, a bhaineann le roinnt bunghnéithe d’fhoghlaim teanga agus a leagann béim ar cheangal na ngnéithe seo leis an teagasc ar líne. Is féidir leat an físeán seo a úsáid mar phointe tosaigh do do chúrsa ar líne. Is féidir chomh maith é a roinnt le do chuid mac léinn chun iad a spreagadh chun machnamh a dhéanamh ar fhoghlaim teanga agus ar na dúshláin a bhaineann léi.
Cuimsíonn an físeán rudaí atá ráite ag mac léinn tríú leibhéal maidir leis na gnéithe is dúshlánaí d’fhoghlaim teanga, dar leo. Is féidir leat iad a úsáid chun tuilleadh plé a spreagadh le linn seisiúin shioncronacha nó i bhfóram. Is bealach maith é plé a spreagadh chun muintearas a chothú.
Cuimsíonn an físeán roinnt gníomhaíochtaí machnaimh freisin.