Mic Léinn A5 Ceacht 4 – Aiseolas an Mhúinteora

Tá Aiseolas an Mhúinteora Tábhachtach!

Tá claonadh i roinnt mhaith mac léinn neamhaird a thabhairt ar aiseolas múinteoraí de bharr nach bhfuil suim acu in aon rud seachas an toradh ginearálta. Mar sin féin, le do dhul chun cinn maidir le na ceithre scil teanga a mheas go héifeachtúil, ba chóir duit aiseolas do mhúinteora a léamh i gcónaí, agus athbhreithniú a dhéanamh air. Chun cabhrú leat dul i ngleic leis na nithe lena bhfuil tú ag streachailt is ea a thugtar duit e.

Déan nóta de do chuid botún / le do chuid míchruinnis i gcónaí agus déan iarracht oibriú amach cén chúis a bhí leo. Mar seo is ea a fhoghlamaíonn tú ar do chuid botún! 

Glacadh le haiseolas DEARFACH: go seoidh, lean leis an sárobair!

Glacadh le haiseolas DIÚLTACH: tá aiseolas in ainm is a bheith soiléar, macánta agus cuiditheach. Ní cáineadh é ortsa mar dhuine. Fan socair agus cas suas do chuid muinchillí! Déan do mhachnamh ar an aiseolas a fuair tú, socraigh ar chur chuige chun an scéal a chur ina cheart, iarr tuilleadh treorach agus foghlaim ceachtanna ar do chuid botún.